Covid19 – Cúrsaí Samhraidh 2020 i dTeileann curtha ar ceal

A Chara,

Mar atá fhios agaibh ar fad faoin am seo, agus muid ar fad le chéile in aimsir na heigeandála sláinte COVID-19, tá cinneadh glactha mór-imeachtaí sóisialta, spóirt, cultúrtha agus siamsaíochta a chur ar ceall ar fud na tíre.

Dé Luain, 20 Aibreán 2020, d’fhógair an tAire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus na hOileáin, go bhfuil na coláistí samhraidh sa Ghaeltacht curtha ar ceal don samhradh seo. Is iad an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta príomh-mhaoinitheoir na gcúrsaí seo, agus is iad atá freagrach as riaracháin rialtais a dhéanamh ar na cúrsaí, mar aon le haitheantas a bhronnadh ar na coláistí i dtaobh sláinte, caighdeáin oideachais agus srl.

Le fógra na nuachta seo, is cúis ollmhór díoma do Choiste Bainistíochta Choláiste Aoidh Mhic Bhricne, mar aon le foireann iomlán an Choláiste, go bhfuil mé ag scríobh chugaibh inniu agus na cúrsaí don samhradh seo curtha ar ceal. Is é seo an chéad bhliain i stair an choláiste gur cuireadh na cúrsaí ar ceal. Tá na cinntí seo tógtha agus sláinte ár ndaltaí, na foirne, agus na mban tí mar thosaíocht iomlán againn.

Mar atá fhios agaibh, is Coláiste muid atá iontach bródúil as an chaidreamh a thógann muid le daltaí, le scoileanna, le múinteoirí agus le tuismitheoirí. Tá muid ag obair le coicís anuas chun dul i ngleic le tionchar na géarchéime seo ar an choláiste, agus oraibh. Is Coláiste neamh-bhrabhúsach muid, atá á riar ag coiste bainistíochta go deonach; grúpa paiseanta de mhúinteoirí scoile, daoine áitiúla, agus iar-dhaltaí de chuid an choláiste. Níor mhian linn ach na cinntí is fearr a thógáil don choláiste agus do na daltaí a thagann chugainn gach samhradh. De dheasca na gcuinsí deacra ina bhfuil muid, tá an cineál oibre seo atá ar bun againn níos deacra arís, mar gheall ar tionchar na dianghlasála orainn ar fad, agus ar na deacrachtaí a chothaíonn sin le feidhmiú agus le heagrú cúrsaí agus airgeadais. Ar an tuiscint sin, gabhaim buíochas libh as ucht bhur gcuid tuiscéana féin, agus as ucht na foighne móire atá léirithe go dtí seo. Thíos anseo tá eolas maidir leis an chéad chéim eile:

Cad é a tharlaíonn anois?
Ar an drochuair níl sé d’acmhainn againn Cúrsaí 2021 a chur ar fáil go fóill, mar sin, ní féidir linn spás ar na cúrsaí sin a ofráil duit ag an phointe seo. Mar sin, beidh muid ag dul fríd próiseas áisíocaíochta do na daltaí / tuismitheoirí a bhfuil earlais nó táille íoctha acu. Beidh gach dalta / tuismitheoir i dteiléal iomlán áisíoca luaide costas beag riaracháin de £7.50 / €8. Clúdaíonn an méid sin costas riaracháin, bainc agus aistrithe. Tá gach iarracht déanta againn an figiúr seo a choinneáil chomh híséal agus is féidir linn, chun go mbeidh muidne mar choláiste ábalta bheith beo agus ár gcuid billí riarcháin / airgeadais a chlúdach.* Ní dhéanfaidh an Coláiste aon bhrabús as an mhéid sin.

Cén dóigh ar féidir liom an t-áisíoc a lorg?
Mar gheall go bhfuil ár gcoiste féin ag feidhmiú ón bhaile, go bhfuil ár ngnáth-chorais oibre níos deacra ná mar a bhíonn de ghnáth, agus de bhrí go mbeidh líon mór áisíocaíochtaí le déanamh, is féidir áisíoc a lorg trí rphost a chur chugainn leis na sonraí seo a leanas:

  • Cuir d’ainm mar ábhar an rphoist
  • Luaigh ainm an dalta, ainm an tuismitheora
  • Luaigh rogha cúrsa an dalta (A, B nó C)
  • Luaigh scoil an dalta
  • Luaigh méid na táille a d’íoc sibh go dtí seo
  • Luaigh seoladh PayPal (seoladh rphoist)
  • Mura bhfuil PayPal agat, luaigh uimhir chuntas bainc, cód sortála

Cá fhad a dtógfaidh seo?
De bhrí gur gaiste áisíocaíochtaí trí Paypal, déanfar na harratais ar áisíoc trí PayPal a chur fríd ar dtús. Beidh seo déanta idir 4-6 seachtaine ón dáta a fhaightear an t-iarratas ar áisíoc. Más mian leat áisíoc a lorg tríd aistriú bainc, beidh idir 6-8 seachtaine de dhíth chun sin a dhéanamh. Tógfaidh iarratais ar áisíoc tríd seic níos faide, agus iarrtar ort gan sin a lorg ag an phointe seo. Iarrtar ort iarracht a dhéanamh seo a éilamh trí PayPal mar thosaíocht más féidir.

Cad é a tharlaíonn más rud é gur íoc mé fríd an scoil?
Más rud é gur íoc tú díreach fríd an scoil, agus go bhfuil an t-airgead sin faighte againn, is féidir áisíoc a lorg díreach uainn, ach amháin go bhfuil treoir eile faighte ón mhúinteoir scoile. I roinnt cásanna, beidh an t-airgead fós sa scoil, agus mar sin, beidh ort an t-áisíoc a lorg díreach ón scoil féin. Mura bhfuil tú cinnte, is féidir rphost a chur chugainn agus déanfaidh muid sin a shoiléiriú duit.

Scoláireachtaí 2020 & 2021
Más rud é go bhfuair tú scoláireacht le freastail ar chúrsa dár gcuid i mbliana, ní féidir linne ach tú a threorú chuig an eagraíocht / grúpa a bhronn an scoláireacht sin ort. Beidh gach grúpa difriúil (comhairlí contae, Líofa, CLG áitiúil srl.), agus beidh siad ábalta treoir a thabhairt duit maidir le stad reatha na scoláireachta sin do shamhradh 2021. Beidh Coláiste Aoidh Mhic Bhricne ag glacadh le scoláireachtaí 2020 in 2021, má tá sin ceadaithe ag an eagraíocht bhronnta.

Cúrsaí 2021
Beidh samhradh deacair roimh na ceantair Ghaeltachta an samhradh seo, a bhíonn ag bráth go mór ar ioncam agus ar infhéistíocht ó na Coláistí Gaeilge gach bliain. Idir seo agus mí Lúnasa beidh muid ag obair go crua chun cúrsaí 2021 a eagrú. Tá súil againn go mbeidh muid ábalta na cúrsaí sin a fhógairt i bhFómhar na bliana seo. Coinnigh súil amach. Cuirfidh muid rphost thart ar achan dalta a bhí cláraithe i mbliana, ach mar a tharlaíonn gach bliain, beidh áiteanna oscailte do chách agus bronnfar na háiteanna sin de réir dáta iarratais.

Tacaigh linn
Cosúil le go leor grúpaí eile, beidh impleachtaí móra ag an ghéarchéim seo orainn. Bhí pleananna againn obair riachtanach a dhéanamh ar an choláiste an samhrdh seo, mar aon le hacmhainní agus áiseanna s’againn a fhorbairt. Más mian leat tacú le Coláiste Aoidh Mhic Bhricne le linn na gearchéime seo, is féidir tabhartas a dhéanamh linn ag teileann.com/donate

Tá súil againn go bhfuil sibh ar fad go maith, go gcoinní sibh slán sna seachtainí atá amach romhainn agus go bhfeice muid a chéile arís ar an bhliain seo chugainn.

Ní neart go cur le chéile,
Pádraig Ó Tiarnaigh
Thar ceann Choiste Bainistíochta
Coláiste Aoidh Mhic Bhricne, Teileann

*Más mian le haon dalta nó tuismitheoir tuilleadh eolais faoi seo is féidir teacht i dteagmháil linn. Déanfaidh muid gach iarracht comhoibriú libh i gcomhthéacsanna éisceachtúla.