Faigh thíos gach eolas a bhaineann lenár gcúrsaí i mbliana 2017, mar atá, Cúrsaí A, B and C.
Déan nóta de, le do thoil, más rud é gur roghnaigh tú do mhodh taistil cheana féin ach tá plean bhus an Choláiste ceangailte thíos. Má tá sé ar intinn agat teacht go Teileann ar an bhus, cuir sin in iúl dúinn le do thoil, mura bhfuil sin déanta agat cheanna féin. Tá spásanna teorannta agus mar sin ní mór áit a chur in áirithe roimh thús an chúrsa. Bí ag an bhus ar a laghad 10 mbomaite roimh an am imeachta a luaitear ar an chlár ama.
Tá an t-eolas seo a leanas ar fáil ag na naisc thíos:
– Litir chlúdaigh do thuismitheoirí / caomhnóirí
– Clár ama na mbusanna (le híoc ar bhaint amach Theilinn duit)
– Foirm shláinte (le tabhairt dúinn ar an chéad lá – RIACHTANACH)
– Rialacha agus treoirlínte eile
NB. Ní mór an fhoirm shláinte a chomhlíonadh agus a thabhairt dúinn ar an lá teachta.
Feicfidh muid go luath sibh 🙂