Nuacht

Cúrsaí Cónaithe do Shamhradh 2022 ar athló ach obair mhór idir lámha chun an coláiste a oscailt arís

Cúrsaí Cónaithe do Shamhradh 2022 ar athló ach obair mhór idir lámha chun an coláiste a oscailt arís

Tá cinneadh tógtha ag Coiste Choláiste Aoidh Mhic Bhricne gan chúrsaí cónaithe a reachtáil an samhradh seo. Tá go leor cúiseanna leis an chinneadh seo, ach leis an bhriseadh a bhí ann idir 2020 agus 2021 le Covid, agus le go leor dár dteaghlaigh áitiúla ag coinneáil scoláirí le breis agus 30 bliain, ar an drochuair níl go leor leapacha againn cúrsa fiúntach a reachtáil i mbliana.

Tá Coláiste Aoidh Mhic Bhricne ag amharc faoi láthair ar dheiseanna cúrsa lae a eagrú sa samhradh do dhaltaí áitiúla nó campaí samhraidh a dhéanamh. Beidh tuilleadh eolais ag teacht maidir leis sin go luath.

Rachaidh an obair ar aghaidh chun tithe úra a mhealladh le daltaí a choinneáil sa Choláiste agus tá fís mhór againn do na blianta atá amach romhainn. Tá Coláiste Aoidh Mhic Bhricne iontach bródúil as na seirbhísí oideachais agus saoire a chuireann muid ar fáil do dhaoine óga agus tá súil againn go mbeidh muid ábalta cur leis sin sna blianta atá le teacht.

Coinnigí súil amach le haghaidh tuilleadh eolais ar na meáin shóisialta agus ar an suíomh idirlín.

Beidh muid ar ais…

Free Irish lessons offered to Donegal families for taking in students –  Donegal Daily

More info

2022 – Uasdátú | Update – #Covid19

Uasdátú | Update

Cúrsaí 2022:
Tá muid ag obair linn ag iarraidh na socruithe cuí a dhéanamh do Shamhradh 2022. Ach tá go leor dúshláin romhainn. Beidh scéala againn go luath. Coinnigí súil amach.

Summer 2022 Course:
We are working hard to try to reopen for the 2022 Summer. We are facing some significant challenges after being closed for 2 years due to the Covid pandemic. We hope to have news as soon as possible. Keep an eye on our social media and website for updates.

Go raibh míle maith agaibh,
Foireann Choláiste Aoidh Mhic Bhricne

More info

Caidé Coiste Ionad Pobail Theilinn?

Coiste deonach, neamhbhrabúis is ea Coiste Ionad Pobail Theilinn a bhfuil sé mar aidhm aige ionad pobail a chur ar fáil do phobal Gaeltachta iardheisceart Thír Chonaill ar mian leo imeachtaí sóisialta, oideachais agus cultúrtha a eagrú agus ag an am chéanna, caomhnú agus forbairt a dhéanamh ar ár dteanga, ár gcultúr agus ár n-oidhreacht.

Tá ionad pobail Theilinn suite i gceantar ina bhfuil an Ghaeilge, an ceol, an cultúr agus traidisiún na Gaeltachta mar chuid de shaol laethúil an phobail go fóill. Is mian linn go bhfeidhmeoidh an t-ionad ar son leasa na ndaoine sa phobal Gaeltachta i gcomhréir le spriocanna Phlean Teanga Limistéar Thír Chonaill Theas agus an Polasaí don Oideachas Gaeltachta.

Cé gurb ann do Choláiste Aoidh Mhic Bhricne óna 1950aidí, ní raibh struchtúir áitiúil bainistíochta ann don fhoirgneamh féin le fada lena chinntiú go mbeadh an pobal ábalta an tairbhe is fearr a bhaint as an áit. Tá sin curtha ina cheart anois leis na haidhmeanna thuasluaite a bhaint amach i gcomhréir le spriocanna an phróisis pleanála teanga.

Tá gach ball de Choiste Ionad Pobail Theilinn páirteach agus gníomhach in eagras leasmhara eile in iardheisceart Thír Chonaill atá ag feidhmiú chun leasa na Gaeilge agus na Gaeltachta. Déantar Naíonra Theilinn atá cláraithe le Comhar Naíonraí na Gaeltachta Teoranta a reáchtáil san fhoirgneamh. Déantar cúrsaí samhraidh Gaeltachta Choláiste Aoidh Mhic Bhricne a reáchtáil san fhoirgneamh cé nárbh ann dóibh an samhradh seo mar gheall ar threoirlínte sláinte phoilbí.

San fhoirgneamh, tá forhalla, halla mór, ardán, cistin, cúig sheomra ranga, leithris, mionchistin, seomra altra, oifig agus áiseanna stórála chomh maith le scioból, spás páirceála agus cúirt imeartha taobh amuigh. Dúshlán lárnach í staid an fhoirgnimh i bhforbairt na ngníomhaíochtaí pobail agus teanga san áit.

I bpáirt le Coláiste Aoidh Mhic Bhricne, cuireadh feachtas ‘Tacaigh le Teileann’ ar bun in 2020. Tá Cuid a hAon d’oibreacha feabhasúcháin tugtha chun críche. Rinneadh an obair seo a bhuíoch le tacaíocht ó Chlár Caipitil Tacaíochta Roinn na Gaeltachta agus síntiúsóirí ‘Tacaigh le le Teileann.’ Athraíodh an chuid den díon ar chúl an fhoirgnimh le díon Sika-Trocal. Athraíodh giarsaí damáistithe agus síleáil an naíonra. Cuireadh isteach síleáil úr agus soilse atá tíosach ar fhuinneamh agus rinneadh athmhaisiú ar an chuid seo den fhoirgneamh.

Ag bogadh go Cuid a Dó, tá muid ag oibriú le súirbhéireacht measúnaithe foirgnimh a dhéanamh le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta le hobair a shonrú atá de dhíth leis an fhoirgneamh a thabhairt go caighdeán ionad pobail. Beidh an cháipéis ina chreatlach oibre dúinn. Is í ár n-aidhm fhadtéarmach ná an díon cothrom uilig a athrú, an foirgneamh a insealú agus córas teasa éifeachtach a chur isteach chun go mbeidh ‘Ionad Pobail’ againn atá fóirsteanach don fheidhm i rith na bliana agus muid ag oibriú leis an Ghaeilge agus a cultúr a chur chur cinn inár gceantar Gaeltachta.

Is mór againn an maoiniú agus urraíocht atá faighte againn go dtí seo. Nuair atá na hoibreacha feabhais déanta, tá súil againn i bpáirt le Coláiste Aoidh Mhic Bhricne fógra a chrochadh san fhoirgneamh le hainmneacha na ndaoine uilig a thug síntiús do ‘Tacaigh le Teileann’ nuair atá na hoibreacha feabhais déanta.

Tuigeann muid gur faoin phobal áitiúil a bheas sé tacaíocht a thabhairt ar bhonn ghníomhach don phróiseas pleanála teanga ach ní mór áit shóisialta sábháilte a bheith acu chun teacht le chéile i rith na bliana. Sin é ár bpríomhsprioc mar choiste agus muid ag obair go comhthreomhar le Coiste Stiúrtha Pleanála Teanga Ghaeltacht Iardheisceart Thír Chonaill, Naíonra Theilinn, Coláiste Aoidh Mhic Bhricne, Club Iomartha Theilinn, Lár Chomhairle Paróiste Ghleann Cholm Cille agus coistí forbartha pobail an cheantair leis an Ghaeilge agus ár bhfoirgneamh a chur chun cinn.

More info

Covid19 – Cúrsaí Samhraidh 2020 i dTeileann curtha ar ceal

A Chara,

Mar atá fhios agaibh ar fad faoin am seo, agus muid ar fad le chéile in aimsir na heigeandála sláinte COVID-19, tá cinneadh glactha mór-imeachtaí sóisialta, spóirt, cultúrtha agus siamsaíochta a chur ar ceall ar fud na tíre.

Dé Luain, 20 Aibreán 2020, d’fhógair an tAire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus na hOileáin, go bhfuil na coláistí samhraidh sa Ghaeltacht curtha ar ceal don samhradh seo. Is iad an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta príomh-mhaoinitheoir na gcúrsaí seo, agus is iad atá freagrach as riaracháin rialtais a dhéanamh ar na cúrsaí, mar aon le haitheantas a bhronnadh ar na coláistí i dtaobh sláinte, caighdeáin oideachais agus srl.

Le fógra na nuachta seo, is cúis ollmhór díoma do Choiste Bainistíochta Choláiste Aoidh Mhic Bhricne, mar aon le foireann iomlán an Choláiste, go bhfuil mé ag scríobh chugaibh inniu agus na cúrsaí don samhradh seo curtha ar ceal. Is é seo an chéad bhliain i stair an choláiste gur cuireadh na cúrsaí ar ceal. Tá na cinntí seo tógtha agus sláinte ár ndaltaí, na foirne, agus na mban tí mar thosaíocht iomlán againn.

Mar atá fhios agaibh, is Coláiste muid atá iontach bródúil as an chaidreamh a thógann muid le daltaí, le scoileanna, le múinteoirí agus le tuismitheoirí. Tá muid ag obair le coicís anuas chun dul i ngleic le tionchar na géarchéime seo ar an choláiste, agus oraibh. Is Coláiste neamh-bhrabhúsach muid, atá á riar ag coiste bainistíochta go deonach; grúpa paiseanta de mhúinteoirí scoile, daoine áitiúla, agus iar-dhaltaí de chuid an choláiste. Níor mhian linn ach na cinntí is fearr a thógáil don choláiste agus do na daltaí a thagann chugainn gach samhradh. De dheasca na gcuinsí deacra ina bhfuil muid, tá an cineál oibre seo atá ar bun againn níos deacra arís, mar gheall ar tionchar na dianghlasála orainn ar fad, agus ar na deacrachtaí a chothaíonn sin le feidhmiú agus le heagrú cúrsaí agus airgeadais. Ar an tuiscint sin, gabhaim buíochas libh as ucht bhur gcuid tuiscéana féin, agus as ucht na foighne móire atá léirithe go dtí seo. Thíos anseo tá eolas maidir leis an chéad chéim eile:

Cad é a tharlaíonn anois?
Ar an drochuair níl sé d’acmhainn againn Cúrsaí 2021 a chur ar fáil go fóill, mar sin, ní féidir linn spás ar na cúrsaí sin a ofráil duit ag an phointe seo. Mar sin, beidh muid ag dul fríd próiseas áisíocaíochta do na daltaí / tuismitheoirí a bhfuil earlais nó táille íoctha acu. Beidh gach dalta / tuismitheoir i dteiléal iomlán áisíoca luaide costas beag riaracháin de £7.50 / €8. Clúdaíonn an méid sin costas riaracháin, bainc agus aistrithe. Tá gach iarracht déanta againn an figiúr seo a choinneáil chomh híséal agus is féidir linn, chun go mbeidh muidne mar choláiste ábalta bheith beo agus ár gcuid billí riarcháin / airgeadais a chlúdach.* Ní dhéanfaidh an Coláiste aon bhrabús as an mhéid sin.

Cén dóigh ar féidir liom an t-áisíoc a lorg?
Mar gheall go bhfuil ár gcoiste féin ag feidhmiú ón bhaile, go bhfuil ár ngnáth-chorais oibre níos deacra ná mar a bhíonn de ghnáth, agus de bhrí go mbeidh líon mór áisíocaíochtaí le déanamh, is féidir áisíoc a lorg trí rphost a chur chugainn leis na sonraí seo a leanas:

  • Cuir d’ainm mar ábhar an rphoist
  • Luaigh ainm an dalta, ainm an tuismitheora
  • Luaigh rogha cúrsa an dalta (A, B nó C)
  • Luaigh scoil an dalta
  • Luaigh méid na táille a d’íoc sibh go dtí seo
  • Luaigh seoladh PayPal (seoladh rphoist)
  • Mura bhfuil PayPal agat, luaigh uimhir chuntas bainc, cód sortála

Cá fhad a dtógfaidh seo?
De bhrí gur gaiste áisíocaíochtaí trí Paypal, déanfar na harratais ar áisíoc trí PayPal a chur fríd ar dtús. Beidh seo déanta idir 4-6 seachtaine ón dáta a fhaightear an t-iarratas ar áisíoc. Más mian leat áisíoc a lorg tríd aistriú bainc, beidh idir 6-8 seachtaine de dhíth chun sin a dhéanamh. Tógfaidh iarratais ar áisíoc tríd seic níos faide, agus iarrtar ort gan sin a lorg ag an phointe seo. Iarrtar ort iarracht a dhéanamh seo a éilamh trí PayPal mar thosaíocht más féidir.

Cad é a tharlaíonn más rud é gur íoc mé fríd an scoil?
Más rud é gur íoc tú díreach fríd an scoil, agus go bhfuil an t-airgead sin faighte againn, is féidir áisíoc a lorg díreach uainn, ach amháin go bhfuil treoir eile faighte ón mhúinteoir scoile. I roinnt cásanna, beidh an t-airgead fós sa scoil, agus mar sin, beidh ort an t-áisíoc a lorg díreach ón scoil féin. Mura bhfuil tú cinnte, is féidir rphost a chur chugainn agus déanfaidh muid sin a shoiléiriú duit.

Scoláireachtaí 2020 & 2021
Más rud é go bhfuair tú scoláireacht le freastail ar chúrsa dár gcuid i mbliana, ní féidir linne ach tú a threorú chuig an eagraíocht / grúpa a bhronn an scoláireacht sin ort. Beidh gach grúpa difriúil (comhairlí contae, Líofa, CLG áitiúil srl.), agus beidh siad ábalta treoir a thabhairt duit maidir le stad reatha na scoláireachta sin do shamhradh 2021. Beidh Coláiste Aoidh Mhic Bhricne ag glacadh le scoláireachtaí 2020 in 2021, má tá sin ceadaithe ag an eagraíocht bhronnta.

Cúrsaí 2021
Beidh samhradh deacair roimh na ceantair Ghaeltachta an samhradh seo, a bhíonn ag bráth go mór ar ioncam agus ar infhéistíocht ó na Coláistí Gaeilge gach bliain. Idir seo agus mí Lúnasa beidh muid ag obair go crua chun cúrsaí 2021 a eagrú. Tá súil againn go mbeidh muid ábalta na cúrsaí sin a fhógairt i bhFómhar na bliana seo. Coinnigh súil amach. Cuirfidh muid rphost thart ar achan dalta a bhí cláraithe i mbliana, ach mar a tharlaíonn gach bliain, beidh áiteanna oscailte do chách agus bronnfar na háiteanna sin de réir dáta iarratais.

Tacaigh linn
Cosúil le go leor grúpaí eile, beidh impleachtaí móra ag an ghéarchéim seo orainn. Bhí pleananna againn obair riachtanach a dhéanamh ar an choláiste an samhrdh seo, mar aon le hacmhainní agus áiseanna s’againn a fhorbairt. Más mian leat tacú le Coláiste Aoidh Mhic Bhricne le linn na gearchéime seo, is féidir tabhartas a dhéanamh linn ag teileann.com/donate

Tá súil againn go bhfuil sibh ar fad go maith, go gcoinní sibh slán sna seachtainí atá amach romhainn agus go bhfeice muid a chéile arís ar an bhliain seo chugainn.

Ní neart go cur le chéile,
Pádraig Ó Tiarnaigh
Thar ceann Choiste Bainistíochta
Coláiste Aoidh Mhic Bhricne, Teileann

*Más mian le haon dalta nó tuismitheoir tuilleadh eolais faoi seo is féidir teacht i dteagmháil linn. Déanfaidh muid gach iarracht comhoibriú libh i gcomhthéacsanna éisceachtúla.

More info

Cúrsa A ’19 lán ach spásanna fós ar Chúrsaí B & C

Image result for images sold out

Bhí éileamh ollmhór againn dár gcúrsaí i mbliana.

Tá Cúrsa A 2019 anois lán go doras. 

Más mian leat áit a fhiosrú ar Chúrsa A go fóill is féidir rphsot a chur chuig colaisteaoidhteileann@gmail.com agus cuirfear d’iarratas ar liosta feithimh.

Iarrtar ort gan iarracht a dhéanamh an fhoirm ar líne a úsáid mar tá an cúrsa lán ach déan teagmháil linn @ colaisteaoidhteileann@gmail.com

Tá áiteanna go foill ar fáil ar Chúrsaí B & C ach iarratas a dhéanamh anseo – https://teileann.com/book-online

More info

Cúrsa A lán ach spásanna ar fáil do Chúrsaí B & C

Bhí éileamh ollmhór againn dár gcúrsaí i mbliana.

Tá Cúrsa A 2018 anois lán go doras. 

Más mian leat áit a fhiosrú ar Chúrsa A go fóill is féidir rphsot a chur chuig colaisteaoidhteileann@gmail.com agus cuirfear d’iarratas ar liosta feithimh.

Iarrtar ort gan iarracht a dhéanamh an fhoirm ar líne a úsáid mar tá an cúrsa lán ach déan teagmháil linn @ colaisteaoidhteileann@gmail.com

Tá áiteanna go foill ar fáil ar Chúrsaí B & C ach iarratas a dhéanamh anseo – https://teileann.com/book-online

More info

Samhradh 2017

Samhradh 2017

More info

Cúrsaí 2017 – Díolta Amach

Dúirt Dr Padraig Ó Tiarnaigh, Cathaoirleach Choláiste Aoidh Mhic Bhricne, Teileann:

‘Is ábhar bróid agus áthais dúinn ar Choiste Bainistíochta Choláiste Aoidh Mhic Bhricne le fógairt go bhfuil muid lán go doras an samhradh seo. Beidh trí chúrsa againn móide roinnt cursaí cónaithe, agus beidh breis agus 250 dalta ag teacht chugainn ar fad. Is fada ó bhí trí chúrsa, agus an méid sin daltaí, cláraithe linn, agus le blianta beaga anuas tá coiste iontach ag feidhmiú ar bhonn iomlán deonach chun an coláiste, an ceantar agus an teanga a chur chun cinn. Is léiriú é an méadú agus an fás sin ar chaighdeán an choláiste, idir teagasc, imeachtaí agus lóistín, agus tá muid ag súil go gcoinneoidh muid orainn ag dul ó neart go neart. Is é seo an samhradh is mó a bheas againn le deich mbliana – tá muid uilig ag dúil go mór leis an samhradh i dTeileann.”

More info

Spaces still available

Tá muid go fóill ag glacadh le hiarratais dár dtrí chúrsaí an samhradh seo. Má tá scoláireacht a lorg agat, déan teagmháil linn agus  cuirfidh muid eolas ar fáil duit faoina scoláireachta atá ar  fáil i do cheantar féin.

More info