Bláithín Mhic Cana

Ceantar: Crois Mhic Lionnáin, Co Ard Mhacha

Post Reatha: Múinteoir Gaelscoile

Cúlra Theilinn: Dálta 1996-2002; Leas-cheannaire 2000-2002; Ceannaire 2002-2004; Múinteoir 2005-2007; Príomhoide 2008

Thosaigh mé féin ag teacht chun na Gaeltachta I 1996, mar dhalta 12 d’aois, agus bhí an t-adh dearg  orm go raibh traidisiúin ag mo Mheánscoil daltaí a  chuir go Coláiste Aoidh Mhic Bhricne; Thit mé I ngrá láithreach leis an Ghaeilge, le Teileann, le muintir na háite, agus le craic an choláiste!

Taobh amuigh den teagasc scoile, is Múinteoir amhránaíochta ar a’ tSean nós mé; imríonn oidhreacht shaibhir ceoil ceantar Theilinn tionchar mhór orainn a chaitheann ama sa cheantar, agus bíonn áit lárnach ag an amhránaíocht agus ceol  in imeachtaí an Choláiste.

Bhí béim i gcónaí sa choláiste lenár dteanga dúchais  a fhoghlaim i mbun gníomhaíochtaí agus spraoi, agus chuaigh mo chuid Gaeilge féin faoi bhláth, agus mé ag leanúint samplaí na mná is fir tí agus a gcuid teaghlaigh, agus dar ndóigh, ba mhór an tionchar a bhí ag foireann lán fuinnimh an Choláiste féin orm. Spreag sé go mór mé leanúint leis an teanga mar ábhar scoile agus mar ghné thábhachtach de mo shaol, agus ní raibh samhramh idir 1996 agus 2008 nach raibh mé ag fanacht go mífhoighneach, agus ag déanamh cuntais ar na seachtainí a bhí fágtha le pilleadh ar ais ar Choláiste Aoidh! I rith na mbliantaí sin, d’fhreastail mé uirthi mar dhalta, leas-chinnire, cinnire, múinteoir agus rúnaí, agus níor stop mé go dtí gur éirigh an saol ró-ghnóthach le cúrsaí clainne – tá triúr mac sa bhaile anois agam – agus go raibh orm slán a fhágáil le hobair an choláiste ar feadh tamall. Ach níorbh ann ach sos beag, agus tá lúcháir orm a bheith ar ais arís ann i mbliana mar mhúinteoir, agus ag cuidiú le áilleachta na Gaeilge, agus áilleacht Theilinn a nochtadh do ghlúin Gaeilgeoirí úra!