Caidé Coiste Ionad Pobail Theilinn?

Coiste deonach, neamhbhrabúis is ea Coiste Ionad Pobail Theilinn a bhfuil sé mar aidhm aige ionad pobail a chur ar fáil do phobal Gaeltachta iardheisceart Thír Chonaill ar mian leo imeachtaí sóisialta, oideachais agus cultúrtha a eagrú agus ag an am chéanna, caomhnú agus forbairt a dhéanamh ar ár dteanga, ár gcultúr agus ár n-oidhreacht.

Tá ionad pobail Theilinn suite i gceantar ina bhfuil an Ghaeilge, an ceol, an cultúr agus traidisiún na Gaeltachta mar chuid de shaol laethúil an phobail go fóill. Is mian linn go bhfeidhmeoidh an t-ionad ar son leasa na ndaoine sa phobal Gaeltachta i gcomhréir le spriocanna Phlean Teanga Limistéar Thír Chonaill Theas agus an Polasaí don Oideachas Gaeltachta.

Cé gurb ann do Choláiste Aoidh Mhic Bhricne óna 1950aidí, ní raibh struchtúir áitiúil bainistíochta ann don fhoirgneamh féin le fada lena chinntiú go mbeadh an pobal ábalta an tairbhe is fearr a bhaint as an áit. Tá sin curtha ina cheart anois leis na haidhmeanna thuasluaite a bhaint amach i gcomhréir le spriocanna an phróisis pleanála teanga.

Tá gach ball de Choiste Ionad Pobail Theilinn páirteach agus gníomhach in eagras leasmhara eile in iardheisceart Thír Chonaill atá ag feidhmiú chun leasa na Gaeilge agus na Gaeltachta. Déantar Naíonra Theilinn atá cláraithe le Comhar Naíonraí na Gaeltachta Teoranta a reáchtáil san fhoirgneamh. Déantar cúrsaí samhraidh Gaeltachta Choláiste Aoidh Mhic Bhricne a reáchtáil san fhoirgneamh cé nárbh ann dóibh an samhradh seo mar gheall ar threoirlínte sláinte phoilbí.

San fhoirgneamh, tá forhalla, halla mór, ardán, cistin, cúig sheomra ranga, leithris, mionchistin, seomra altra, oifig agus áiseanna stórála chomh maith le scioból, spás páirceála agus cúirt imeartha taobh amuigh. Dúshlán lárnach í staid an fhoirgnimh i bhforbairt na ngníomhaíochtaí pobail agus teanga san áit.

I bpáirt le Coláiste Aoidh Mhic Bhricne, cuireadh feachtas ‘Tacaigh le Teileann’ ar bun in 2020. Tá Cuid a hAon d’oibreacha feabhasúcháin tugtha chun críche. Rinneadh an obair seo a bhuíoch le tacaíocht ó Chlár Caipitil Tacaíochta Roinn na Gaeltachta agus síntiúsóirí ‘Tacaigh le le Teileann.’ Athraíodh an chuid den díon ar chúl an fhoirgnimh le díon Sika-Trocal. Athraíodh giarsaí damáistithe agus síleáil an naíonra. Cuireadh isteach síleáil úr agus soilse atá tíosach ar fhuinneamh agus rinneadh athmhaisiú ar an chuid seo den fhoirgneamh.

Ag bogadh go Cuid a Dó, tá muid ag oibriú le súirbhéireacht measúnaithe foirgnimh a dhéanamh le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta le hobair a shonrú atá de dhíth leis an fhoirgneamh a thabhairt go caighdeán ionad pobail. Beidh an cháipéis ina chreatlach oibre dúinn. Is í ár n-aidhm fhadtéarmach ná an díon cothrom uilig a athrú, an foirgneamh a insealú agus córas teasa éifeachtach a chur isteach chun go mbeidh ‘Ionad Pobail’ againn atá fóirsteanach don fheidhm i rith na bliana agus muid ag oibriú leis an Ghaeilge agus a cultúr a chur chur cinn inár gceantar Gaeltachta.

Is mór againn an maoiniú agus urraíocht atá faighte againn go dtí seo. Nuair atá na hoibreacha feabhais déanta, tá súil againn i bpáirt le Coláiste Aoidh Mhic Bhricne fógra a chrochadh san fhoirgneamh le hainmneacha na ndaoine uilig a thug síntiús do ‘Tacaigh le Teileann’ nuair atá na hoibreacha feabhais déanta.

Tuigeann muid gur faoin phobal áitiúil a bheas sé tacaíocht a thabhairt ar bhonn ghníomhach don phróiseas pleanála teanga ach ní mór áit shóisialta sábháilte a bheith acu chun teacht le chéile i rith na bliana. Sin é ár bpríomhsprioc mar choiste agus muid ag obair go comhthreomhar le Coiste Stiúrtha Pleanála Teanga Ghaeltacht Iardheisceart Thír Chonaill, Naíonra Theilinn, Coláiste Aoidh Mhic Bhricne, Club Iomartha Theilinn, Lár Chomhairle Paróiste Ghleann Cholm Cille agus coistí forbartha pobail an cheantair leis an Ghaeilge agus ár bhfoirgneamh a chur chun cinn.