Choose your language

  • Gaeilge
  • English
YouTube Email Us Twitter Facebook Search site
Skip to content
  • Baile
  • Maidir Linn
  • Ár gCúrsaí
    • 2018 Eolas do Thuismitheoirí & Caomhnóirí
    • Scoláireachtaí agus Deontais
    • Tuairiscí Oifigiúla
    • Polasaithe Oifigiúla an Choláiste
  • Cuir in Áirithe
  • Gailearaí
  • Siopa
  • Déan Teagmháil
  • Nuacht
  • Teileann go hÁitiúil
  • Teistiméireachtaí
Toggle Main Menu
Menu

Roghchlár

  • Gaeilge
  • English

Menu ×

  • Baile
  • Maidir Linn
  • Ár gCúrsaí
    • 2018 Eolas do Thuismitheoirí & Caomhnóirí
    • Scoláireachtaí agus Deontais
    • Tuairiscí Oifigiúla
  • Cuir in Áirithe
  • Gailearaí
  • Siopa
  • Déan Teagmháil
  • Nuacht
  • Teileann go hÁitiúil
  • Teistiméireachtaí
Coláiste Aoidh Mhic Bhricne
Tacaigh Linn Cuir Cúrsa in Áirithe

Ár gCúrsaí

Cuir Cúrsa in Áirithe
  • IMEACHTAÍ
  • AN GHAEILGE
  • LÓISTÍN
  • AN FHOIREANN
  • SEIRBHÍSÍ EAGLASTA
  • SLÁINTE
  • TAISTEAL
  • RIALACHA AN CHOLÁISTE

Is cúrsaí samhraidh iad na cúrsaí seo atá á reachtáil do dhaoine óga. Tá trí chúrsa ar siúl i dTeileann gach samhradh;, A, B agus C.

I gColáiste Aoidh Mhic Bhricne, cuireann muid béim ar trí rud; cairdeas, cultúr agus craic. Ná caill amach.

Imeachtaí

Cuir tús leis an turas inniu

Cuirtear réimse leathan d’imeachtaí ar fáil do dhaltaí le linn an tsamhraidh. Cuirtear béim faoi leith ar ghníomhaíochtaí faoin spéir; idir snámh, spórt, tumadóireacht, sléibhteoireacht agus eile.

Dár ndóigh, bíonn reimse leithean d’imeachtaí cultúir lárnach sna cúrsaí, idir damhsa, céilithe, ceol, amhranaíocht agus eile. An bhfuil bua an cheoil agat? Beir leat d’uirlis agus abair amach amhrán…

Teileann

An Ghaeilge

Ó labhair an teanga Gaeilge linn...

Is í an Ghaeilge príomh-theanga labhartha an Choláiste agus an cheantair. Tá Gaeilge líofa ag an fhoireann ar fad, mar aon leis na mná tí agus a dteaghlaigh.

Aithnítear go fórleathan go dtagann forbairt as cuimse ar chumas Gaeilge an fhoghlaimeora fríd an tumoideachas – mar sin iarrtar i gcónaí ar achan dalta iarracht leanúnach a dhéanamh a gcuid Gaeilge a úsáid, de réir mar is féidir. Tá cur síos iomlán ar riail na Gaeilge inár bPolasaí Gaeilge, atá ar fáil ach é sin a iarraidh trí colaisteaoidhteileann@gmail.com 

Lóistín

Fán le teaghlaigh áitiúla trí Ghaeilge...

Fanann na daltaí i dtithe áitiúla le teaghlaigh lán-Ghaeilge faoi chúram bhean an tí. Cuirtear bricfeasta, lón, dinnéar agus suipéar ar fáil gach lá. Déantar cigireacht leanúnach ar na tithe seo ag cigirí na Roinne gach bliain.

An Fhoireann

Taithí na mblianta...

Bíonn ár gcúrsaí á gcur ar fáil agus á n-éascú ag ceann de na foirne Gaeilge Gaeltachta is fearr sa tír. Is múinteoirí lán-cháilithe iad ár n-oidí agus ár bpríomhoide, a bhfuil na blianta de thaithí acu leis an teanga. Bíonn ceannairí agus leas-cheannairí ann fosta, a mbíonn cur amach iontach acu ar obair óige, togáil foirne agus scileanna imeachtaí.
Tá blianta fada d’eispéireas na gcoláistí samhraidh ag ár bhfoireann ar fad. Déanann muid gach iarracht cinntiú go mbaineann achan duine oireadh sult agus is féidir as ár gcúrsaí.

Seirbhísí Eaglasta

Ag bráth ort féin...

Cuireann Coláiste Aoidh Mhic Bhricne fáilte mhór roimh chách, in ainneoin chlaontaí creidimh, cúlra, cine, nó eile.

Aithníonn muid go mbíonn cúlra agus creidimh éagsúla ag ár gcuid daltaí trí chéile. Faoi láthair níl ar fáil sa cheantar áitiúil ach seirbhísí Caitliceacha agus chuige sin is cosúil nach mbeadh muid ábalta freastal ar riachtanais chreidimh eile. Más é do rogha é gur mhian leat go bhfreastalódh an dalta ar sheirbhís Chaitliceach, luaigh sin ar an fhoirm iarratais. Cuirfear gníomhaíochtaí agus imeachtaí breise ar fáil d’achan dalta eile ag an am sin. Má bhíonn aon cheisteanna eile maidir leis seo ná bíodh leisce ort teagmháil a dhéanamh linn.

Sláinte

AG TABHAIRT AIRE DÁR nDÁLTAÍ

Bíonn banaltra agus comhairleoir ar fáil i rith na gcúrsaí.

Sa bhreis ar aon mhionfhadhbanna sláinte nó eile beidh an comhairleoir ar fáil le plé le cumha baile, tromaíocht agus chun súil a choinneáil ar chaighdeán na dtithe. Má tharlaíonn sé go bhfuil fadhb sláinte ag an dalta ba chóir sin a chur in iúl don phríomhoide ar an chéad lá, agus é a lua ar an fhoirm shláinte. Má bhíonn cúram speisialta i gceist, caithfí ainm agus sonraí teagmhálaí an dochtúra a chur ar fáil, mar aon le litir chlúdaigh.

Tá foirm shláinte mar chuid den fhoirm iarratais agus tá sé ríthábhachtach go ndéantar seo a chomhlánú ina hiomlán. Caithfear leis an eolas seo faoi rún.

Taisteal

Cén dóigh a dtiocfaidh tusa go Teileann?

Bus an Choláiste:

Beidh bus an choláiste ar fáil ó áiteanna áirithe. Beidh costas isteach is amach ar £40 (£20 in aghaidh an bhealaigh) ar an turas agus beidh seo le híoc ar an chéad lá. Déantar feitheoireacht ar achan turas bus de chuid an Choláiste.
Modh Taistil Eile:

Má bhíonn an dalta ag déanamh a b(h)ealaigh féin go Teileann, iarrtar ar an dálta bheith ann le clárú ag 4pm ar an chéad lá, agus go mbailítear é/í ag 9am ar an mhaidin imeachta. Is é an coláiste féin an lár-phointe tágtha agus imeachta.

Roghnaigh do rogha taistil ar an fhoirm iarratais, le do thoil nó déan teagmháil linn ag colaisteaoidhteileann@gmail.com má thágann athrú ar do phleananna taistil

Rialacha an Choláiste

Chun gach duine a chosaint agus a choinneáil slán

Déantar tosaíocht i gcónaí de shláinte agus de shábháilteacht an dalta. Chuige sin tá dualgas orainn treoirlíntí iompair agus rialacha a chur i bhfeidhm.
Má déantar aon cheann de na rialacha seo a leanas a shárú, pléifear leis an dalta de reir treoirlíntí smachtúla agus iompair an Choláiste, agus tá seans go gcuirfear abhaile é/í, de réir polasaithe an choláiste, atá ar fáil ach iad a iarraidh trí colaisteaoidhteileann@gmail.com
– Gan aon iarracht a dhéanamh Gaeilge a labhairt

– Snamh / iascaireacht gan chead

– Alcóil / drugaí nach gceadaítear bheith i seilbh an dalta agus / nó iad a úsáid

– Imeacht ón teach idir am suipéir agus am bricfeasta gan chead

– Tromaíocht nó aon iompar mí-shóisialta eile

– Má imíonn nó má chuirtear abhaile aon dalta ón chúrsa roimh an deireadh ní dhéanfar áisíoc ar na taillí.

Chun mí-úsáid guthán póca a sheachaint (go háirithe iad siúd a bhfuil ceamaraí iontu), agus chun daltaí eile a chosaint, caithfí gach guthán a thabhairt do bhean an tí ar an chéad lá. Cuirfear ar fáil iad ag am áirithe gach lá, roimh am luí, chun deis a thabhairt scairt a chur abhaile. (Ceadaítear ceamaraí digiteacha sa choláiste amháin).
Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an dalta trí theagmháil a dhéanamh leis an choláiste ag aon am le linn na gcúrsaí.

Ár Siopa

Réimse éadaí an Choláiste le ‘O’Neills Sport’

Tá áthas an domhain orainn ár réimse éadaí a chur ar fáil. Tá idir t-léintí, geansaithe, cótaí agus eile ar fáil.  Is féidir iad a cheannach díreach ó O’Neills anseo.

Mechandise Mechandise

Sona Sásta

Buail le cuid de na daoine ar mhian leo a dtaithí féin a roinnt leat; tuismitheoití, múinteoirí, iar-dhaltaí agus scoláirí reatha. Ná glac uainn é, léigh na teistiméiireachtaí ó na daoine a bhí anseo iad féin #CuimhníCinn

An bhfuil scéalta nó cuimhní agat? Ar mhaith leat iad a roinnt linn anseo? Gabh i dteagmháil ag colaisteaoidhteileann@gmail.com

Colaiste

Quick Links

  • Maidir Linn
  • Ár gCúrsaí
  • Cuir in Áirithe
  • Gailearaí
  • Siopa
  • Déan Teagmháil
  • Nuacht
  • Tacaigh Linn
  • Teistiméireachtaí

Coláiste Aoidh Mhic Bhricne Ceapach, Teileann, An Charraig, Co Dhún na nGall

Call Us

Call us now

00353 87 270 1200

Email Us

Email us at

colaisteaoidhteileann
@gmail.com

© Colaiste Aoidh Mhic Bhricne |

Web Design Belfast WebsiteNI

Latest News

Cúrsaí Cónaithe do Shamhradh 2022 ar athló ach obair mhór idir lámha chun an coláiste a oscailt arís

Cúrsaí Cónaithe do Shamhradh 2022 ar athló ach obair mhór idir lámha chun an coláiste a oscailt arís Tá cinneadh tógtha ag Coiste Choláiste Aoidh Mhic Bhricne gan chúrsaí...

2022 – Uasdátú | Update – #Covid19

Uasdátú | Update Cúrsaí 2022: Tá muid ag obair linn ag iarraidh na socruithe cuí a dhéanamh do Shamhradh 2022. Ach tá go leor dúshláin romhainn. Beidh scéala againn...

ÁR N-URRAITHEOIRÍ LÍOFA COMHAIRE UIODH COMHAIRE UIODH COMHAIRE UIODH