Choose your language

  • Gaeilge
  • English
YouTube Email Us Twitter Facebook Search site
Skip to content
  • Baile
  • Maidir Linn
  • Ár gCúrsaí
    • 2018 Eolas do Thuismitheoirí & Caomhnóirí
    • Scoláireachtaí agus Deontais
    • Tuairiscí Oifigiúla
    • Polasaithe Oifigiúla an Choláiste
  • Cuir in Áirithe
  • Gailearaí
  • Siopa
  • Déan Teagmháil
  • Nuacht
  • Teileann go hÁitiúil
  • Teistiméireachtaí
Toggle Main Menu
Menu

Roghchlár

  • Gaeilge
  • English

Menu ×

  • Baile
  • Maidir Linn
  • Ár gCúrsaí
    • 2018 Eolas do Thuismitheoirí & Caomhnóirí
    • Scoláireachtaí agus Deontais
    • Tuairiscí Oifigiúla
  • Cuir in Áirithe
  • Gailearaí
  • Siopa
  • Déan Teagmháil
  • Nuacht
  • Teileann go hÁitiúil
  • Teistiméireachtaí
Coláiste Aoidh Mhic Bhricne
Tacaigh Linn Cuir Cúrsa in Áirithe

Maidir Linn

Cé Muid

Maidir Linn

Tá Coláiste Aoidh Mhic Bhricne i measc na gcoláistí samhraidh is faide bunaithe i gCúige Uladh. Tá na céadta duine ag freastal ar ár gcúrsaí i dTeileann in iardheisceart Thír Chonaill ó 1955 ar aghaidh. Is é ár mian go ndéanfar freastal ar dhaoine óga a dteastaíonn uathu an Ghaeilge agus gach a mbaineann léithe a fhoghlaim ar bhealach spraoiúl sultmhar. Tá cúig sheomraí ranga, halla mór, clós spóirt agus siopa ar thalamh an choláiste.

Neadaithe idir Sliabh a’ Liag agus Cuan Theilinn, tá fáil ag ár gcuid scoláirí ar thráigheanna áitiúla, ar shléibhte agus ar ghníomhaíochtaí bréatha faoin spéir. Bíonn gach scoláire a thagann go Teileann rannpháirteach i saol na Gaeltachta agus iad ag fanacht le teaghlaigh áitiúla i dTeileann. Eagraíocht neamhbhrabúis is ea Coláiste Aoidh Mhic Bhricne a dhéanann gach iarracht tacaíocht a thabhairt d’fhoghlaim na teanga ar bhonn áitiúil agus dár ndaltaí.

Teileann

Dr Pádraig Ó Tiarnaigh

Cathaoirleach

Tá Pádraig ina Chathaoirleach ar an Choláiste. As Mullach Bán i gcontae Ard Mhacha ó dhúchas, bhí Pádraig ina scoláire, ina cheannaire agus ina mhúinteoir sa choláiste. Níor chaill sé samhradh i dTeileann ó 2001. Is Feidhmeannach Cumarsáide, Chosaint Teanga & Ionadaíochta é le Conradh na Gaeilge agus léachtóir Gaeilge le hOllscoil Uladh.  Déanann sé cúrsaí an choláiste a stiúradh.

Gearóid Ó Deoráin

Príomhoide

Is príomhoide na gcúrsaí é Gearóid agus agus bíonn sé ag teagasc ar na cúrsaí fosta.  Tá cónaí ar Ghearóid i dTír Eoghain ach is as an Mullach Bán i gcontae Ard Mhacha dó. Bhí Gearóid ina scoláire agus ina cheannaire i dTeileann. Is múinteoir bunscoile é atá ag teagasc i nGaelscoil Uí Dhochartaigh ar an tSráth Bán. Ceoltóir aitheanta é chomh maith.

Shane Ó Curraighín

Oifigeach Forbartha

 Bíonn Shane ag plé le forbairt an choláiste agus an fhoirgnimh lena chinntiú go gcomhlíontar  caighdeáin na Roinne. Tá Shane ina thuairisceoir le Nuacht RTÉ/TG4.  Is as Baile Mór, Teileann dó. Fanann scoláirí leo sa bhaile. Chaith Shane blianta mar cheannaire sa Choláiste.

Caitríona Nic Giolla Easpaig

Comhairleoir na gCúrsaí

Is príomhoide Gaelscoile í Caitríona i mBaile Átha Cliath. Cuireann Caitríona a saineolas ar fáil don choiste faoi dhearadh, leagan amach agus cur cuige múinteoireachta na gcúrsaí samhraidh. Is as an Baile Mór, Teileann í Caitríona. Bíonn scoláirí ag fanacht leo sa bhaile. Tá táithí cuimsitheach ag Caitríona i rólanna éagsúla leis an choláiste mar; rúnaí na gcúrsaí, múinteoir agus ceannaire.

Pádraig Ó Fearáin

Cisteoir

Tá Pádraig ina chisteoir ar an choláiste. Cuireann sé a saineolas ar fáil chomh maith faoi chur chuige na gcúrsaí. Múinteoir méanscoile Gaeilge atá ann in Acadamh Naomh Pádraig, Dún Geanainn.  Bhí sé ina cheannaire sa choláiste roimhe.

Proinsias Ó Coinn

Oifigeach Caidreamh Poiblí

Léiritheoir raidió is ea Proinsias le BBC TÉ atá i bhfeighil ar chúrsaí poiblíochta agus  margaíochta an choláiste. Tá cónaí air i mBéal Feirste. D’fhreastal sé ar chúrsaí samhraidh i dTeileann le linn a hóige mar scólaire agus mar cheannnaire.

Misean Ráitis agus ár nAidhmeanna

Cúrsaí Gaeltachta d’ardchaighdéan a chur ar fáil do dhaoine óga

  • Freastal ar dhaoine óga ar mhian leo Gaeilge a fhoghlaim ar bhealach sultmhar
  • Deis a thabhairt do dhaoine óga a bheith rannpháirteach i saol na Gaeltachta
  • Ceangal cairdeas a chothú idir daoine óga tríd an Ghaeilge
  • Deis a thabhairt do dhaoine óga ó gach cúlra teacht le chéile sa Ghaeltacht0

Máire Nic Giolla Chóill

Comhairleoir na gCúrsaí

Tá Máire i gceannas ar múineadh na Gaeilge in Acadamh Naomh Pádraig, Dún Geanainn. Cuidíonn Máire struchtúr, polasaithe agus clár oibre na gcúrsaí samhraidh a shochrú. Is as Dún Geanainn i dTír Eoghain í Máire. D’fhreastal a teaghlach ar an choláiste i dTeileann.

Séamus Ó Beirn

Comhairleoir Polasaí

Cuireann Séamus comhairle ar an choiste faoi cheisteanna polasaithe, oideachais agus riaracháin. Is abhcóide é Séamus atá i mbun taighde dlí in Ollscoil John Hopkins i  Learphóil. Is as an Cheapach i dTeileann é Séamus. Bhí sé ina cheannaire sa choláiste agus d’fhán scoláirí ina theach ar feadh na mblianta.

Helena Ní Bhrollacháin

Oifigeach Chúram Leanaí

Chaith Helena breis agus 6 bliana mar phríomhoide sa Choláiste, agus í gníomhach le gnó bainstíochta le linn na tréimhse sin fosta. Bean áitiúil í Helena a oibríonn mar mhúinteoir Gaeilge i nGaelCholáiste Chill Dara.

 

Ár Siopa

Réimse éadaí an Choláiste le ‘O’Neills Sport’

Tá áthas an domhain orainn ár réimse éadaí a chur ar fáil. Tá idir t-léintí, geansaithe, cótaí agus eile ar fáil.  Is féidir iad a cheannach díreach ó O’Neills anseo.

Mechandise Mechandise

Sona Sásta

Buail le cuid de na daoine ar mhian leo a dtaithí féin a roinnt leat; tuismitheoití, múinteoirí, iar-dhaltaí agus scoláirí reatha. Ná glac uainn é, léigh na teistiméiireachtaí ó na daoine a bhí anseo iad féin #CuimhníCinn

An bhfuil scéalta nó cuimhní agat? Ar mhaith leat iad a roinnt linn anseo? Gabh i dteagmháil ag colaisteaoidhteileann@gmail.com

Colaiste

Quick Links

  • Maidir Linn
  • Ár gCúrsaí
  • Cuir in Áirithe
  • Gailearaí
  • Siopa
  • Déan Teagmháil
  • Nuacht
  • Tacaigh Linn
  • Teistiméireachtaí

Coláiste Aoidh Mhic Bhricne Ceapach, Teileann, An Charraig, Co Dhún na nGall

Call Us

Call us now

00353 87 270 1200

Email Us

Email us at

colaisteaoidhteileann
@gmail.com

© Colaiste Aoidh Mhic Bhricne |

Web Design Belfast WebsiteNI

Latest News

Cúrsaí Cónaithe do Shamhradh 2022 ar athló ach obair mhór idir lámha chun an coláiste a oscailt arís

Cúrsaí Cónaithe do Shamhradh 2022 ar athló ach obair mhór idir lámha chun an coláiste a oscailt arís Tá cinneadh tógtha ag Coiste Choláiste Aoidh Mhic Bhricne gan chúrsaí...

2022 – Uasdátú | Update – #Covid19

Uasdátú | Update Cúrsaí 2022: Tá muid ag obair linn ag iarraidh na socruithe cuí a dhéanamh do Shamhradh 2022. Ach tá go leor dúshláin romhainn. Beidh scéala againn...

ÁR N-URRAITHEOIRÍ LÍOFA COMHAIRE UIODH COMHAIRE UIODH COMHAIRE UIODH