Mícheál Ó Brádaigh

Ceantar: Camloch, Co. Ard Mhacha

Post Reatha: Múinteoir Gaelscoile

Cúlra Theilinn: Dálta 2002-2006; Leas-cheannaire 2005

Spreag an t-am a chaith mé i gColáiste Aoidh Mhic Bhricne i dtreo na Gaeilge mé. Bhí suim i gcónaí agam sa teanga ach níl aon amhras ann gur thosaigh an grá atá agam di agus mé i dTeileann! Tá mé anois ag obair mar mhúinteoir in earnáil na Gaeilscolaíochta agus ní dóigh liom go mbeadh amhlaidh an scéil ann gan an chraic,an spórt agus an spraoi a bhí agam agus mé ag freastal ar an Ghaeltacht!

Bhí mé ar ais sa cheantar ar na mallaibh agus tháinig na cuimhní dheasa uilig ar ais chugam- nach aoibhinn beatha an scolaire!